Fad/Distance -3km
Am/Time 1 hour
Grade – Easy but not suitable for buggies
Terrain Roads/Trails
Start – Map Board oppostite at An Fuarán (Opposite The Forge Bar), Moycullen
The Coach House / Teach an Chóiste
Ba é Teach an Chóiste (Tigh Mhic Oireachtaigh / Tigh Kellett / Tigh Shionnaigh / Tigh Mhic Dhonnchadha / Tigh Dhúlaoich / Silver Teal / The Ferryman roimhe sin) an chéad phost cóistí ag cóistí capall “Bianconi” ó Ghaillimh go dtí an Chlocháin (1835–1845). Bhí sé ina oifig ag gníomhairí an Cunard White Star Line freisin (úinéirí an Titanic) sna 1900í. D’fheidhmigh sé mar Oifig Phoist go dtí 1914 agus mar theach ósta ó na 1930í.
The Coach House (formerly Geraghty’s / Kelletts / Fox’s / Cunningham’s / McDonaghs / The Ferryman / Dooleys / Silver Teal) was the first staging post for the Galway to Clifden horse-drawn “Bianconi” coaches (1835–1845). It was later used by agents of the Cunard White Star Line (owners of the Titanic) in the early 1900s. The local Post Office was located here until 1914. Since the 1930s, it has mainly operated as a public house.
The Village Forges / Ceártaí an tSráidbhaile
Bhí roinnt ceártaí i Maigh Cuilinn ó thús na 1900í, ar nós Ceárta Sheáin Mhic Ghorthraigh (idir Teach an Chóiste agus The Forge), Ceárta Uí Loideáin (taobh thiar de shiopa breosla), agus ceárta idir Tithe Ósta Uí Riagáin agus an Crossroads. Bhí John Ó Conchubhair ag feidhmiú siopa grósaera ansin sna 1930í, agus ba ghabha a athair Máirtín de réir dhaonáireamh 1901.
Moycullen blacksmiths provided essential services for agriculture, transport, and community life. There were several forges in the early 1900s:
John McCorry’s Forge (between The Coach House and The Forge bar)
Lydon’s Forge (behind today’s filling station near the Old Village Pump and Dispensary)
Another forge (between Regan’s and Crossroads pub)
John Connor opened a grocery shop here in the 1930s. His nickname “John an gabha” stemmed from his father, a 30-year-old blacksmith per the 1901 census. Recently, numerous horseshoes were found on the site during construction.
Teach Mhic Mhuiris/Morrison’s House
Tógadh Teach Mhic Mhuiris thart ar an mbliain 1830. Bhítí ag tionól seirbhísí Eaglais na hÉireann ar an urlár uachtair go dtí tús na 1960í. Tá fianaise ann go mbíodh teach súip lonnaithe taobh thiar den teach in aimsir an ghorta.
Morrison’s House was constructed circa 1830. Church of Ireland services were held on the upper floor here until the early 1960s. There is evidence that a soup kitchen was located behind the house during famine times.
Na Beanna Bána/The White Gables
Thóg muintir tiarna talún áitiúil (na Búrcaigh as Teach Danesfield) an foirgneamh seo ar dtús sna 1830í. Ba ann a bhí an bheairic RIC áitiúil a bnaíodh sna 1830í. Loisceadh an foirgneamh in Aibreán 1921 le linn ‘Chogadh na Saoirse’. Rinne an tUasal John Ó Tuathail an teach a thógáil an athuair (c. 1923), agus ina dhiaidh sin cheannaigh Charles Randolph Kilkelly (Teach Dhroim Chonga) é agus d’úsáid é mar bhunáit agus áit chónaithe ar feadh go leor blianta le haghaidh Altraí Iubhaile Mhaigh Cuilinn Chill Aithnín. Bhí teaghlaigh áitiúla ina gcónaí ann ina dhiaidh sin ar feadh roinnt blianta.
Cheannaigh Kevin agus Anne Dunne é sa bhliain 1990 agus bhunaigh an bhialann den scoth a bhfuil duaiseanna buaite aice Na Beanna Bána / White Gables.
Tógadh pinniúr liathróid láimhe ar thaobh an fhoirgnimh ag deireadh an 19ú haois ach leagadh é in 2003 ionas go bhféadfaí méid a chur leis an bhfoirgneamh.
This premises was originally built in the 1830’s by a local landlord family (the Burke’s from Danesfield House). It housed the local RIC barracks, established in the 1830’s. In April 1920 the building was burnt down during the ‘War of Independence’. After being rebuilt (c. 1923) by a Mr. John O’Toole, it was purchased by Charles Randolph Kilkelly (of Drimcong House) and used as a base and residence for the Moycullen/Killannin Jubilee Nurses for many decades. Later the property was occupied by local families for some years.In 1990 Kevin and Anne Dunne purchased it and established their award-winning White Gables Restaurant. A handball alley was built to the side of the building in the late 19th century but was demolished in 2003 to make way for the extension to this building.
An ‘Co-Op/The Co-Op
Rinneadh Sean-Chomharchumann Talmhaíochta Mhaigh Cuilinn, a bunaíodh i 1914, a athlonnú san fhoirgneamh cloiche seo nuair a cuireadh i gcrích é c. 1918. Ba iad muintir an phobail a thóg an stór an Chomharchumainn ar dtús faoi threoir an Leifteanantchoirnéil Charles Randolph Kilkelly, Uachtarán an Chomharchumainn as Teach Dhroim Chonga. Níor mhair an comharchumann ach cúpla bliain faraor, agus i gcaitheamh na mblianta bhí halla damhsa, garáiste, monarcha cniotála, siopa san fhoirgneamh agus ba ann a bhí cairpéid V’Soske-Joyce ar dtús chomh maith le bheith mar Cheanncheathrú tosaigh ag na hAltraí Iubhaile.
The old Moycullen Co-operative Agricultural Society, formed in 1914, re-located to this stone-built building on its completion in c 1918. The Co-Op store was originally built by members of the local community under the guidance of Charles Randolph Kilkelly, Lt.-Col., President of M.C.A.S. and of Drimcong House.
However, it only survived a few years as a co-operative venture and over the decades it has housed a dance-hall, garage, knitting factory, shop and was the original home of V’Soske-Joyce carpets as well as being the initial Head Quarters for the Jubilee Nurses.
Stáisiún na nGardaí/The Garda Station:
Luaitear an bhliain 1927 le Staisiún na nGardaí atá i Maigh Cuilinn anois. Cuireadh na chéad Ghardaí go sráidbhaile Mhaigh Cuilinn sa bhliain 1923 agus ba i bhfoirgneamh an Chomharchumainn (an Co-Op) a bhídís sular tháinig siad anseo i Meán Fómhair 1927.
The present Moycullen Garda station dates from 1927. The first Gardai were posted to Moycullen village in 1923 and were housed in the Co-Op building before moving here in September 1927.
Ionad Cuairteoirí Mharmar Chonamara/Connemara Marble Visitor Centre
(The visitor centre is currently closed)
Tá bailiúchán is mó na hÉireann de sheodra marmair Chonamara agus earraí bronntanais ar fáil in ionad cuairteoirí mharmar Chonamara agus Monarcha Seodra. Osclaíodh an cairéal marmair sa Chlochán i 1822 agus an Monarcha Seodra i MaghCuilinn i 1962. Feicfidh cuairteoirí an ionad ceardaithe oilte ag obair agus foghlaimeoidh siad faoi gheolaíocht agus stair de cheann de thionscalíochtaí dúchasacha is sine na hÉireann. Is iad na príomhdhoirse mahagaine na príomhdhoirse bunaidh a bhí ar Amharclann cháiliúil na Mainistreach i mBaile Átha Cliath a loisceadh sa bhliain 1951.
The Connemara Marble Visitors Centre and jewellery factory exhibits Ireland’s largest collection of Connemara marble jewellery and gift items. The marble quarry in Clifden was opened in 1822 and the jewellery marble factory at Moycullen in 1962. Visitors to the Centre will see skilled craftsmen at work and learn of the geology and history of one of Ireland’s oldest indigenous industries. The mahogany front doors of the Visitors Centre are the original doors of the famous Abbey Theatre in Dublin which was burned down in 1951.
Teach Danesfield/Danesfield House & Other Places of Interest Off Trail
Ba é Teach Danesfield, ceannáras an tiarna talún Seoirse de Búrca (George Burke). Tá cuid den chloigtheach fós ina sheasamh. Is é an áit a bhfuil siopa Mharmar Chonamara anois a bhí mar ascaill isteach chuig an teach. Tá ballaí na ngarraithe Daingne ar thaobh na láimhe deise fós le feiceáil. Bí ag faire amach do na geataí iarainn bunaidh agus fothracha áit chónaithe na nGarraíodóirí. Scríobh iníon George Burke, Elizabeth Mary “Daisy” (1862–1944), a ceapadh ina Bantiarna Fhine Gall nuair a phós sí Arthur Plunkett (11ú Iarla Fhine Gall, 4ú Barún Fhine Gall) (1859–1929) i mí na Bealtaine 1883, an leabhar Seventy Years Young.
Bean cáiliúil a bhí inti lena ceart a thabhairt di. Bhí baint bhúnúsach aice le bunú Chumann Bhantracht Aontaithe na hÉireann, atá anois mar Bhantracht na Tuaithe anois, agus bhí sí ina huachtarán ar an gCumann Camógaíochta. Bhí go leor cairde aice agus aithne aice ar dhaoine arbh lucht tionchair iad mar an Chuntaois Marcievicz, Hugh Lane, Horace Plunkett agus an Bantiarna Lavery chomh maith le lucht litríochta cáiliúil mar HG Wells agus WB Yeats. Is eol freisin gur ith sí dinnéar leis an Rí Edward agus Micheál Ó Coileáin (cé nár tharla sin ag an am céanna!)
Danesfield House, was the seat of landlord George Burke. Part of the bell tower is still standing. The avenue entrance to the house was where the Connemara Marble shop now stands. The walls of the Walled gardens on the right are still evident. Look out for the original wrought iron gates and the ruins of the Gardeners’ residence.
George Burke’s daughter, Elizabeth Mary “Daisy” (1862–1944), who became Lady Fingall on her marriage to Arthur Plunkett (11th Earl of Fingall, 4th Baron Fingall) (1859–1929) in May 1883, was author of the book Seventy Years Young. A remarkable woman in her own right, she was instrumental in establishing the United Irishwomen, which was to become the Irish Countrywomen’s Association, and was president of the Camogie Association.
She had many influential friends and acquaintances from Countess Marcievicz, Hugh Lane, Horace Plunkett and Lady Lavery as well as literary notables such as HG Wells and WB Yeats. She was also known to have dined with King Edward and Michael Collins (not at the same time!)
Bearna na gCorp:
In aimsir na bpéindlíthe stop sochraidí anseo chun ligean don sagart teacht ón áit ina raibh sé i bhfolach chun an marbhán a bheannú. Chuir an Cumann Staire an phlaic in airde in 2011.
This marks the location of where funerals from the south west of the parish stopped briefly on their way to the graveyard during penal times (circa 18th century). This allowed the priest to come out of hiding in the wood to bless the corpse on its final journey. The plaque was erected by Cumann Staire in 2011.
Teach Dhroim Chonga:
Tógadh Teach Dhroim Chonga, a bhí faoi úinéireacht mhuintir Uí Loingsigh (Lynch) tráth, arbh de shliocht cheann de 14 Treabh bhunaidh na Gaillimhe iad, ag deireadh an 17ú haois i mbaile fearainn Dhroim Chonga. Tá sé suite c. 1.0km ó thuaidh de shráidbhaile Mhaigh Cuilinn ar thaobh na láimhe deise de bhóthar an N59 ó Ghaillimh go dtí an Chlocháin. Cheannaigh craobh de chlann Chill Cheallaigh eastát Dhroim Chonga ag tús na 1800í agus chónaigh na glúnta díobh ann go dtí tús an 20ú haois.
Cheannaigh an cócaire mór le rá Gerry (R.I.P.) agus Marie Galvin an Teach sna 1980í agus faoina stiúir bhí Teach Dhroim Chonga ina bhialann den scoth a bhain amach go leor gradam ar feadh beagnach scór bliain. Is foirgneamh liostaithe / déanmhas cosanta é Teach Dhroim Chonga atá anois faoi úinéireacht phríobháideach.
Drimcong House:
Once belonging to the Lynch family, descendants from one of the original 14 Galway Tribe families, Drimcong House in Drimcong townland, was originally built in the late 17th century, lies c. 1.0 km north of Moycullen village on the right hand side of the N59 Galway Clifden road.
In the early 1800s, a branch of the Kilkelly family purchased the Drimcong estate and took up residence there with generations living there until the early 20th century. The House was purchased by award-winning chef Gerry (R.I.P.) and Marie Galvin in the 1980s and under their leadership and promotion Drimcong House was, for almost two decades, an award-winning restaurant.
A listed building / protected structure, Drimcong House is now in private ownership.
Coill Chill Ráine/Killarainey Wood:
Tá 80 acra i gCoill Chill Ráine agus chuir an Roinn Foraoiseachta crainn mar sprús Lochlannach, Feá, Fuinseog agus Caorthann ann ó 1955. Téann stair na coille siar chomh fada le scéalta a bhaineann leis na Fianna agus Raithneach. Tá scéalta i mbéaloideas áitiúil faoi ór a chuir Spáinneach a bhí ar a theitheadh i bhfolach sa choill agus deirtear go bhfuil an t-ór sin á chosaint ag cat dubh. Tá scéalta ann freisin maidir le tobar beannaithe (Tobar Ainne) agus dhá lios.
Is féidir fothracha tithe a fheiceáil fós – rugadh Tomás Ó hEidhin (Thomas Hynes) Óglach agus lúthchleasaí cáiliúil, a bhfuil Bóthar Thomáis Uí Eidhin ainmnithe ina dhiaidh, i gceann de na tithe sin. Bhuaigh Tomás an chéad mharatón ghairmiúil a ritheadh riamh in Éirinn sa bhliain 1909. Tá fothracha na gráinsí móire (An Scioból Mór) le feiceáil freisin, áit ar thug tionóntaí áitiúla ar eastát George Burke grán in aimsir an ghorta.
Killarainey Wood, comprising 80 acres, was planted by the Department of Forestry from 1955 with Norwegian spruce, Beech, Ash and Mountain Ash. The history of the woods goes back to our mythological past to the tales of the Fianna and Raithneach.
Local folklore tells stories of gold hidden in the wood by an escaping Spaniard, which is said to be guarded by a black cat. There is anecdotal evidence of a holy well (Tobar Ainne) and two ringforts.
The remains of houses can still be seen – Thomas Hynes, Volunteer and well-known athlete, after whom Thomas Hynes Road in Galway is named, was born in one of these houses. Thomas was the winner of the first ever professional marathon run in Ireland in 1909.
Also visible is the ruin of a large granary (An Scioból Mór) where the local tenants of George Burke’s estate brought grain during famine times.
Teach Thomáis Bhairéad/Tomas Bairéad Home
Ba é seo iar-áit chónaithe Thomáis Bhairéad (1893–1973), údar, scoláire agus Náisiúnaí Éireannach a rugadh ar an mBaile Dóite, Maigh Cuilinn.This was the former home of Tomás Bairéad (1893–1973), Irish author, scholar and Nationalist, originally born in Baile Doite, Maigh Cuillinn.
An Chanáil agus Droichead an Chlocháin:
Téann an chanáil ó Loch Coirib go Loch na Séamas, a cheadaigh Oifig na nOibreacha Poiblí in 1859 agus a tógadh circa 1860, faoi bhóthar Knockferry ag Droichead an Chlocháin agus nascann sí an Loch Domhain agus Loch Poll Lathaí leis na lochanna feadh an bhealaigh. D’úsáideadh lucht taistil go dtí agus ó shráidbhaile Mhaigh Cuilinn an droichead mar áit le scíth a ligean agus d’úsáidtí é freisin mar áit le huisce a fháil le húsáid sna tithe.
The Canal and Cloghaun Bridge:
Sanctioned by the Office of Public Works in 1859, built circa 1860, the canal from Lough Corrib to Loch Seamus Ui Chonaire passes under the Knockferry road at Cloghaun Bridge and links Loch Down and Loch Pollalahy with the other lakes along the route. The bridge was used as a resting place for those travelling to and from the village of Moycullen as well as being used as an access point for water for household use.
Seanbhaile an Chlocháin:
Lonnaíocht bheag le tuairim is 8 dteach a bhí i seanbhaile an Chlocháin i mbaile fearainn Mhaigh Cuilinn san aimsir roimh an ghorta. Bhí sé áisiúil ag tús na 1900í mar go raibh sé suite idir canáil Mhaigh Cuilinn a bhí imsheolta ag an am agus líne iarnróid na Gaillimhe-an Chlocháin agus bhí sé i ngar do Stáisiún Traenach Mhaigh Cuilinn.
Old Cloghaun Village:
The Old Cloghaun village was, in pre-famine times, a small settlement of c. 8 homes within Moycullen townland. In the early 1900’s it conveniently lay between the then navigable Moycullen canal and the former Galway-Clifden railway line and was adjacent to Moycullen Railway Station.
Coill Chill Ráine:
Tá 80 acra i gCoill Chill Ráine agus chuir an Roinn Foraoiseachta crainn mar sprús Lochlannach, Feá, Fuinseog agus Caorthann ann ó 1955. Téann stair na coille siar chomh fada le scéalta a bhaineann leis na Fianna agus Raithneach. Tá scéalta i mbéaloideas áitiúil faoi ór a chuir Spáinneach a bhí ar a theitheadh i bhfolach sa choill agus deirtear go bhfuil an t-ór sin á chosaint ag cat dubh. Tá scéalta ann freisin maidir le tobar beannaithe (Tobar Ainne) agus dhá lios. Is féidir fothracha tithe a fheiceáil fós – rugadh Tomás Ó hEidhin (Thomas Hynes) Óglach agus lúthchleasaí cáiliúil, a bhfuil Bóthar Thomáis Uí Eidhin ainmnithe ina dhiaidh, i gceann de na tithe sin. Bhuaigh Tomás an chéad mharatón ghairmiúil a ritheadh riamh in Éirinn sa bhliain 1909. Tá fothracha na gráinsí móire (An Scioból Mór) le feiceáil freisin, áit ar thug tionóntaí áitiúla ar eastát Sheoirse de Búrca (George Burke) grán in aimsir an ghorta.
Killarainey Wood
Killarainey Wood, comprising 80 acres, was planted by the Department of Forestry from 1955 with Norwegian spruce, Beech, Ash and Mountain Ash. The history of the woods goes back to our mythological past to the tales of the Fianna and Raithneach. Local folklore tells stories of gold hidden in the wood by an escaping Spaniard, which is said to be guarded by a black cat. There is anecdotal evidence of a holy well (Tobar Ainne) and two ringforts. The remains of houses can still be seen – Thomas Hynes, Volunteer and well known athlete, after whom Thomas Hynes Road in Galway is named, was born in one of these houses. Thomas was the winner of the first ever professional marathon run in Ireland in 1909. Also visible is the ruin of a large granary (An Scioból Mór) where the local tenants of George Burke’s estate brought grain during famine times.
Stáisiún Traenach Mhaigh Cuilinn
Tá Stáisiún Traenach Mhaigh Cuilinn agus áit chónaithe an Mháistir Stáisiúin in aice láimhe. Is áiteanna cónaithe príobháideacha iad an dá fhoirgneamh anois agus táthar ag baint úsáid thráchtála anois as na seideanna earraí mar a bhí tráth. Osclaíodh an líne iarnróid in 1895 agus dúnadh an líne i 1935.
Railway Station
Nearby is the Moycullen Railway Station and the Stationmaster’s residence. Both buildings are now private dwellings and what were once the goods sheds are now in commercial use. The railway line was opened in 1895 and closed in 1935.
Séipéal Caitliceach Mhaigh Cuilinn/Moycullen RC Church
Choisric an tEaspag Micheál de Brún as Deoise na Gaillimhe Séipéal Caitliceach Mhaigh Cuilinn an 8 Nollaig 1953. Bhí costas £20,000 punt i gceist leis an séipéal a thógail agus bailíodh airgead go seachtainiúil ó mhuintir an pharóiste agus ó dhaoine a bhí ar imirce thar lear. Thóg na tógálaithe Coogan/McNally an Séipéal. Tháinig sé in ionad Séipéal níos sine a tógadh ar an láthair in 1826. Tá Turas na Croise álainn sa séipéal a chruthaigh an t-ealaíontóir Polannach, Adam Kossowski (1905-1986). Aistríodh clog an tSéipéil, a rinne cuideachta Uí Shioradáin (Sheridan) i mBaile Átha Cliath in 1862 ón seanséipéal.
Tá plaic chuimhneacháin do na daoine a fuair bás le linn an Ghorta sa séipéal. Tá leacht cuimhneacháin lasmuigh den séipéal (in aice leis an sacraistí) i gcuimhne ar mhuintir Mhaigh Cuilinn atá in uaigheanna sa reilig agus ar fud an pharóiste nach bhfuil marcáilte. Tá roinnt de na Lisíní agus Reiligí na bPáistí atá breactha ar fud an pharóiste liostaithe ar an leacht chomh maith.
Moycullen RC Church was consecrated on the 8th December 1953 by Bishop Michael Browne of Galway. The church cost £20,000 pounds to build and funds were raised by weekly contributions from parishioners and people who emigrated abroad. The Church was built by Coogan/ McNally building contractors. It replaced an older Church built on the site in 1826. The church has beautifully illustrated Stations of the Cross created by the Polish artist, Adam Kossowski (1905-1986). The Church bell, made in 1862 by Sheridan’s of Dublin, was transferred from the old church.
There is a memorial plaque for famine victims located in the Church. There is also a memorial stone outside the church (near the sacristy) dedicated to the memory of Moycullen people who are in unmarked graves within the graveyard and throughout the parish. The stone also lists some of the Lísíní agus Reilig na bPáistí (children’s burial grounds) that are dotted throughout the parish.
An Suíochán/The Seat
Rinne Cumann Staire Mhaigh Cuilinn an suíochán comórtha seo a choimisiúnú in ómós do Ruaidhrí Ó Flaithearthaigh (1629–1718), an scoláire agus staraí clasaiceach cáiliúil agus an Taoiseach deiridh ar Gno Beg.
This commemorative seat was commissioned by the Moycullen Historical Society in honour of Ruaidhrí Ui Fhlaitheartaigh / Rory O’Flaherty (1629–1718), the renowned scholar and classical historian and last chieftain of Gno Beg.
Teach Chill Ráine/Killarainey House
Tógadh Teach Chill Ráine mar theach paróiste ag deireadh na 1930í. Chuidigh muintir na háite le tógáil an tí a mhaoiniú tríd an seanchóras Gaelach ‘meitheal’. Tabhair ar aird an crann atá curtha i dtalamh ag an teach. Choisric an Pápa Eoin Pól II an crann i mBaile an Bhriota ag “Aifreann na nÓg” agus é ar chuairt go hÉirinn agus Gaillimh i 1979. Is áit chónaithe phríobháideach anois é Teach Chill Ráine.
Killarainey House was built as a parochial house in the late 1930’s. Local people helped finance the building using the old Irish ‘meitheal’ system. Note the tree planted in the grounds of the house. The tree was blessed at the Ballybrit “Young Peoples Mass” by Pope John Paul II during his visit to Ireland and Galway in 1979. Kilrainey House is now a private residence.
Old Post Office
Bhíodh Sean-Oifig an Phoist lonnaithe ag an mbealach isteach ag an gcarrchlós ag An gCearnóg Nua. Ba iad Paddy Ó Mocháin agus a bhean agus a n-iníon Etta agus a fear céile Bearnard ina ndiaidh a rith oifig an phoist ó 1914 go 1979. Sheas Etta Ní Mhocháin isteach do Maureen O’Hara sa scannán ón mbliain 1952 ‘The Quiet Man’ ina raibh John Wayne freisin, a rinneadh a scannánú i gConamara agus i Maigh Eo i 1951/2.
The Old Post Office was situated near the entrance to the present day “An Cearnog Nua” carpark. It was run by Mr. and Mrs. Paddy Vaughan, and subsequently by their daughter Etta and her husband Bernard, from 1914 to 1979. Etta Vaughan was a stand in for Maureen O’Hara in the 1952 film ‘The Quiet Man’, also starring John Wayne, which was filmed on location in Connemara and Mayo in 1951/2
Arus Uillinn
Tógadh Árus Uilinn ar dtús ina scoil Náisiúnta i 1909 agus bhí in úsáid mar scoil go dtí 1978. Is foirgneamh pobail anois atá ann agus tá oifig phobail agus foireann ann. Tá scrollaí san fhoirgneamh ina bhfuil ainm na ndaoine le nasc áitiúla le hÉirí Amach 1916/ Cogadh na Saoirse agus cogaí eile chomh maith le roinnt mhaith grianghraf, leabhar agus earraí cuimhneacháin a bhaineann le Maigh Cuilinn i gcaitheamh na mblianta.
Arus Uilinn was originally built as a National school in 1909 and was in use as a school until 1978. It is now a community building with a staffed community office. The building houses scrolls recording the names of local connections to the 1916 Rising/ War of Independence and past wars as well as numerous pictures, books and memorabilia of Moycullen through the decades.
Leacht cuimneacháin/Memorial Stone
Tá an leacht cuimneacháin ‘In ómós do na fir agus do na mná go léir, ó cheantar Mhaigh Cuilinn a thug seirbhís nó a fuair bás i gcogaí nó ar fiannas leis na Náisiúin Aontaithe’ a chur Cumann Staire Ruaidhrí Uí Fhlaitheartaigh in airde lonnaithe ar an mballa ar aghaidh an fhoirgnimh.
A memorial stone, was erected by Cumann Staire Ruaidhrí Uí Fhlaitheartaigh, honouring the men and women, from the Moycullen area, who served or died in past wars or on service with the United Nations and is located on the wall at the front of the building.
Pota ó aimsir an Ghorta/Famine Pot:
Ba é Joe Cunningham a bhronn an pota ó aimsir an ghorta atá ag príomhdhoras Árus Uilinn. D’úsáidtí potaí mar seo de ghnáth i dtithe súip a bhíodh á maoiniú ag carthanachtaí nó tiarnaí talún flaithiúla chun cuid den ocras a bhaint de dhaoine agus bás ón ocras a chosc. Thugtaí “potaí súip” nó “potaí theach na mbocht” orthu uaireanta agus bhídís déanta as iarann teilgthe de ghnáth agus bhí a bhformhór curtha ar fáil ag an Rialtas faoin ‘Soup Kitchen Act’ (1847).
The Famine Pot by the front door of Árus Uilinn was kindly donated by Joe Cunningham. Pots like this were typically used in soup kitchens funded by charities or benevolent landlords to alleviate hunger and prevent starvation. Famine pots were sometimes referred to as “soup boilers” or “workhouse pots” and were usually made of cast iron with most of them provided by the Government under the Soup Kitchen Act (1847).
An Cheád Scoil Náisiúnta i Maigh Cuilinn/First Moycullen National School:
Nuair a bunaíodh córas na Scoileanna Náisiúnta in 1831, ba é an príomhchuspóir a bhí leis páistí as reiligiúin éagsúla a aontú i gcóras amháin (tag. E.G. Stanley; Príomh-Rúnaí na hÉireann 1831). Tógadh ceann de chéad scoileanna agus b’fhéidir an bhunscoil ba mhó sa Chontae i Maigh Cuilinn in 1834. Bhí sé lonnaithe ar shuíomh taobh thiar den scoil atá ann inniu. D’fhág an sagart paróiste ag an am, an tUrramach de Bláca (Francis Xavier Blake) cúig chéad punt (£500.00) le huacht le cur i dtreo an chostais (tá plaic in ómós don Urramach de Bláca in Árus Uilinn). Tógadh an scoil ansin ar thalamh a bhí mar chuid d’eastát an Tiarna Campbell ag an am. Fágadh tréigthe é ansin ar feadh tamaill nuair a tháinig Árus Uilinn ina áit mar scoil i 1909. Seachas é a bheith in úsáid mar scoil, d’úsáidtí é mar halla paróiste, halla Shinn Féin agus mar áit chónaithe do mhúinteoirí scoile. Leagadh an foirgneamh trí stór i 1977 chun áit a dhéanamh don scoil atá ann anois. Tá Lindéar bunaidh anois ar thaillte na scoile ag an mballa in aice leis an reilig.
“When the National School system was set up in 1831, its main objective was to ‘unite in one system children of different creeds’ (ref. E.G. Stanley, Chief Secretary of Ireland 1831). One of the earliest schools and possibly the largest elementary school built in the County was built in Moycullen in 1834. It was sited behind the present school. The parish priest at the time, Reverend Francis Xavier Blake bequeathed five hundred pounds (£500.00) towards the cost (a plaque to Reverend Blake is in Arus Uilinn). The school was then built on lands that were part of Lord Campbell’s estate at the time. It fell into disuse for a time after Arus Uilinn replaced it as a school in 1909. Besides its use as a school, it was used as a parish hall, a Sinn Féin hall and a residence for school teachers. The three-storey building was demolished in 1977 to make way for the present school. An original Lintel stone is now located in the school grounds by the wall adjoining the churchyard.
Sean-Oifig an Phoist/The Old Post Office
Vaughan’s
Bhíodh Sean-Oifig an Phoist lonnaithe ag an mbealach isteach ag an gcarrchlós ag An gCearnóg Nua.
Ba iad Paddy Ó Mocháin agus a bhean agus a n-iníon Etta agus a fear céile Bearnard ina ndiaidh a rith oifig an phoist ó 1914 go 1979.
Sheas Etta Ní Mhocháin isteach do Maureen O’Hara sa scannán ón mbliain 1952 ‘The Quiet Man’ ina raibh John Wayne freisin, a rinneadh a scannánú i gConamara agus i Maigh Eo i 1951/2.
Old Post Office was situated near the entrance to the present day “An Cearnóg Nua” carpark.
It was run by Mr. and Mrs. Paddy Vaughan, and subsequently by their daughter Etta and her husband The Bernard, from 1914 to 1979. Etta Vaughan was a stand-in for Maureen O’Hara in the 1952 film ‘The Quiet Man’, also starring John Wayne, which was filmed on location in Connemara and Mayo in 1951/2.
Seanteach na Cúirte – Siopa Jeaic Uí Chadhain/ The Old Courthouse – Jack Kyne’s Shop
Is é seo suíomh an tí ón 19ú haois a bhí, de réir shuirbhé topagrafach 1837 de chuid Lewis, mar theach cúirte tráth le haghaidh cúirt ghearr gach ré Máirt. Cheannaigh an fear gnó áitiúil Jeaic Ó Cadhain, a raibh gnó teaghlaigh rathúil aige anseo an áit i 1952 nó gur díoladh é in 2003 agus a ndearnadh an t-ionad tráchtála, An Chearnóg Nua, ann ina dhiaidh sin.
This is the site of the 19th century house which at one time, according to Lewis’ topographical survey of 1837, served as a “courthouse for petty sessions on alternate Tuesdays”. In 1952, the property was bought by local businessman, Jack Kyne, who ran a successful family business here until it was sold in 2003 and subsequently became the commercial centre, An Cearnóg Nua.
No Comments
Add a comment about this page