Distance: 6.5 km approx.
Walking time: 1.5 hours
Grade: Easy
Parking: Moycullen Village
Start/Finish: An Fuarán
Killagoola Loop -Garraí Gamhain
Ceárta Uí Loideáin
Bhí Ceárta Uí Loideáin lonnaithe taobh thiar den áit a bhfuil siopa áise/breosla anois i ngar de chaideal an tSeanbhaile agus an Seanchlinic. Ba é Ceárta Uí Loideáin an cheárta dheiridh áitiúil ar tháinig deireadh léi mar thoradh ar iompar na nua-haoise sna 1980í. Ba é Tom Ó Loideán agus a mhac John ina dhiaidh sin a bhí i mbun na ceárta.
Lydon’s Forge was located behind the site of a present-day convenience shop / filling station near the Old Village pump and the Old Dispensary. Lydon’s Forge was the last local forge to succumb to the modern transport era closing during the 1980’s. The forge was run by Tom Lydon and later by his son John.
Ballyquirke House/ Teach Bhaile Uí Chuirc
Thóg Hugh Davoren arbh Caomhnóir Dhlí na mBocht é agus a dheirfiúr Anne a thóg Teach Bhaile Uí Chuirc in 1862. Fuair a nianna Micheál agus Séamas Mac Néill seilbh ar an teach i 1901. Ba chomhairleoir contae áitiúil agus Coimisinéir Dúiche a bhí i Micheál Mac Néill agus Cláraitheoir Breitheanna, Básanna agus Póstaí i nGaillimh ab ea Séamas. Tá Teach Bhaile Uí Chuirc, a rinneadh a athchóiriú le déanaí, fós ina sheasamh ar a shuíomh bunaidh. Is áit chónaithe phríobháideach é Teach Bhaile Uí Chuirc anois.
Ballyquirke House was built in 1862 by Hugh Davoren, who was a Poor Law Guardian, and his sister Anne. The house passed to his nephew’s, Michael and James McNeill in 1901. Michael McNeill was a local county councillor and District Commissioner, and James was a Registrar of Births, Deaths and Marriages in Galway. Ballyquirke House, recently renovated, still stands on its original site. Ballyquirke House is now a private residence.
An Garraí Gamhain/ Fairgreen & Pound
Thugtaí an Garraí Gamhain freisin ar an tSean-Ppháirc Aonaigh agus Póna. Ba é an Garraí Gamhain an t-ainm a thugtaí agus ar glacadh leis le haghaidh Mhaigh Cuilinn ar feadh go leor blianta. Bhíodh aonach muc ar siúl anseo go míosúil suas go dtí na 1960í. D’úsáidtí an póna, a tógadh sna 1800í le hainmhithe ar strae a choinneáil, suas go dtí na 1950í.
The old Fairground and Pound was also known as An Garraí Gamhain. An Garraí Gamhain was the accepted name for present day Moycullen for many years. A monthly pig fair was held here up until the 1960’s. The pound, constructed in 1800’s, was used to impound stray animals up to the 1950’s.
An Caideal Use/ Village Pump
Is é see ceann de líon beag de chaidéil uisce atá fós i Maigh Cuilinn. Bhí sé in úsáid agus i mbun oibre suas go dtí na 1980í. Tá uisce á phumpáil go díreach isteach sna tithe ó na 1940í agus tá an Caidéal mar chuid dár stair shóisialta.
One of the few remaining water pumps in Moycullen, it was in working order and in use up to the 1980s. From the 1940’s water was piped directly to dwellings and the Pump has become part of our social history.
An Seanchlinic /Old Dispensary
Is áit chónaithe phríobháideach anois atá sa Seanchlinic, a tógadh c. 1936 agus stopadh á úsáid mar Chlinic nuair a chuaigh an Dochtúir Éamon Ó Scolaí ar scor i 1990. Léirítear i dtaifid na hOifige Luachála go mbíodh Clinic lonnaithe freisin ar shuíomh an tí ósta Crossroads, sa sráidbhaile ó dheireadh an 19ú haois. Bhí an Dr. Ó Maoláin, an Dr. Greene agus an Dr.Ó Haiseadha sa pharóiste roimh an Dr. Ó Scolaí.
Now a private residence, it was built c1936 and ceased as a Dispensary on the retirement of the incumbent Dr.Eamonn Scully, in 1990. The Valuation Office records show that a Dispensary was also located at the site of the Cross Roads Public house, in the village from the late 19th Century . Doctors Mullin, Greene and Hassett served the parish before Dr. Scully.
Abhainn Chlaídeach
Téann Abhainn Chlaídí ó Loch an Chip go Loch Bhaile Uí Chuirc. Is abhainn chaol atá ann atá tuairim is 4.6km ar fad.
Léirítear i léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordnáise sna 1840í go raibh go leor coraí feadh na habhann chomh maith le muileann.
Rinneadh an abhainn a dhraenáil ar mhaithe le talamh a fheabhsú sna 1950í/60í agus roimhe sin bhí bradáin agus madraí uisce san abhainn.
Clydagh River (Abhainn Loch an Chip):
The Clydagh River flows from Loch an Chip (Kip Lake) to Ballyquirke Lake.
It is a narrow river and is c4.6km in length. Ordnance Survey maps of the 1840s show that there were several weirs along the river as well as a mill.
It was drained for land improvement in the 1950s/60s and prior to that there were salmon and otters in the river.
Droichead Claídeach
Droichead saoirseachta iar-mheánaoiseach a bhí i nDroichead Chlaídí (An Chip).
Ba dhroichead dhúchasach a bhí ann, a tógadh nó a deisíodh faoi c. 1829, ag an innealltóir Albanach Alexander Nimmo, an Máistir-Inealltór is dóchúla, 1783-1832.
Ba séadchomhartha a bhí ann do mhuintir na háite a d’fhanadh ann sna 1940í agus 1950í ar bhus Chonamara Ferguson lena gcuid cearca, ime agus glasraí le díol ar an Margadh i nGaillimh
agus bhíodh sé mar áit chruinnithe ag daoine óga a bhíodh ina suí ar an droichead, ag iomáint agus ag imirt peile sna páirceanna máguaird nó a chas le chéile agus iad ar a mbealach chuig damhsa i nGaillimh.
Cuireadh an droichead atá ann anois in áit an tseandroichid in 2015 mar chuid de thionscadal leathnaithe an N59.
Clydagh Bridge:
The Clydagh Bridge (Kip) was a post-medieval masonry bridge. It represented a vernacular bridge, built or repaired by c1829, most likely by the Scottish engineer Alexander Nimmo, Master Engineer, 1783-1832.
It was a landmark for the people of the locality who waited there in the 1940s and 1950s for Ferguson’s Connemara bus with hens, butter and vegetables to sell in the Market in Galway
and was a meeting place for young people, who sat on the bridge, played hurling and football in neighbouring fields or met there for dates on the way to the dance in Galway.
The bridge was replaced with the present structure in 2015 to facilitate the N59 road widening project.
Muileann Uí Cadhain
Tógadh an muileann mar muileann arbhair thart ar aimsir an Chéad Chogadh Domhanda.
Bhíodh an muileann á oibriú ó tharracóir go dtí c. 2008. Tá an t-inneallra inmheánach fós ann agus tá dhá mhuileann meillte san áireamh ann.
D’úsáidtí an foirgneamh mar halla damhsa áitiúil freisin, siar sna 1930í–1940í is dócha.
Is déanmhas cosanta é an muileann agus is gá deisiúcháin struchtúrtha a dhéanamh air faoi láthair.
Mar seachfhocal, d’fhéadfadh go raibh fócas rúnda eile leis an muileann mar léiríodh in alt sa Galway Advertiser sa bhliain 2009 gur mheas na Rúisigh go bhféadfadh an muileann a bheith mar bhunáit mhíleata de shaghas éigin sa Chogadh Fuar!
Kyne’s Mill:
Built as a corn mill, around the time of World War 1. The mill was operated from a tractor up until c2008.
The internal machinery is still present and includes two grinding mills. The building was also used as a local dance hall probably back in the 1930s–1940s.
The mill is a protected structure and is in need of structural repairs at present.
As a complete aside, the mill may have had a secret alternative focus as a 2009 article in the Galway Advertiser indicated that the Russians thought the mill may have been some sort of military base during the Cold War!
Muileann Uí Mhaidín
Bhí muileann i mbun oibre ag muintir Uí Mhaidín níos faide suas ar Abhainn Chlaídí agus iad ag úsáid uisce na habhann le rothaí an mhuilinn a chumhachtú.
D’fhreastail siad ar riachtanais an pharóiste isteach sna 1960í.
Níl aon lorg ann anois de Mhuileann Uí Mhaidín a leagadh nuair a rinneadh an abhainn a dhraenáil.
Bhí trí mhuileann eile ar a laghad feadh na habhann.
Rinne siad arbhar, eorna agus cruithneacht a mheilt d’fheirmeoirí áitiúla le plúr a tháirgeadh dá dteaghlach.
Madden’s Mill:
The Madden family operated a mill further upstream, using the waters of the Clydagh River to power the mill wheels.
They served the needs of the parish into the 1960s. There is no trace of Madden’s Mill now which was demolished when the river was drained.
There were at least another three mills along the river. They milled corn, barley and wheat for local farmers to produce flour for their families.
Leacht Sheáin Mhic Eochagáin
Tá an leacht seo ar an spota ar dhúnmharaigh saighdiúirí de chuid na Breataine Seán Mac Eochagáin (1893–1921) an 20 Feabhra 1921.
Ba Fheirmeoir, gníomhaí de chuid Chonradh na Gaeilge, cléireach gníomhach i gComhairle Dúiche Tuaithe na Gaillimhe agus Náisiúnaí a bhí i Seán, arbh as Ogúíl dó.
Monument to John Geoghegan:
This memorial marks the spot where John Geoghegan (1893–1921) was murdered on the 20th February 1921 by occupying British forces.
John, an Uggool native, was a Farmer, Conradh na Gaeilge activist, GAA member, acting clerk for the Galway Rural District Council and Nationalist.
Tobar
Tá tobar tuairim is 20 meadar ó mhuileann Uí Mhaidín, nach bhfuil in úsáid níos mó.
Spring Well:
There is a spring well approximately 20 metres from the Madden’s mill, now disused.
Cill Ogúla agus Ogúil
Is dócha gur Baile Fearainn amháin a bhí i gCill Ogúla agus Ogúil tráth.
Meastar go gciallaíonn Cill Ogúla “leis an ngualainn”.
Deirtear go dtugtaí “Youghill” nó “cnoc na Iúr” (the hill of the Yews) ar an gceantar timpeall ar Ógúil.
Killagoola & Uggool:
It is likely that Killagoola and Uggool were once the one Townland. Killagoola is thought to mean “of the shoulder”, gualainn being the Irish for shoulder.
It is said that the area around Uggool was called Youghill or “the hill of the Yews”.
Loch Baile Uí Chuirc
Is loch fionnuisce é Loch Bhaile Uí Chuirc atá mar chuid de dhobharcheantar Loch Coirib.
Síneann an loch 150 acra, agus is é an ceann is mó de lochanna Mhaigh Cuilinn.
Tá uisce ann atá beo le Bran suas le 8 bpunt meáchain, le Róistí, Ruáin, Hibridí, Péirsí, Liúis agus Eascanna.
Rinneadh eascanna a onnmhairiú go Margadh Billingsgate i Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Ballyquirke Lough:
Ballycuirke Lough, also known as Ballyquirke Lough, is a freshwater lake, part of the Lough Corrib catchment.
This lake spans 150 acres, the biggest of the Moycullen lakes – its rich water contains good stocks of Bream up to 8 lbs in weight, with Roach, Rudd, Hybrids, Perch, Pike and Eel.
During WW2, eels were exported to London’s Billingsgate Market.
Teampall Éanna
Tá fothracha Theampall Éanna suite ag bun Chnoc Crú agus is Ceathrú an Teampaill a thugtar ar an talamh thart timpeall air.
Deirtear gur thóg Naomh Éanna, naomh ón 5 ú haois an séipéal agus é ar a bhealach as Árainn.
Tá áit adhlactha do pháistí (lisín) in aice le fothracha an tséipéil agus tobar beannaithe – Tobar Éanna, a chreidtear go bhfuil leigheas ann do shúile tinne.
Tá Ballán (log lán le huisce sa chloch – agus díreach mar atá i gceist leis an Tobar Beannaithe, luaitear sa bhéaloideas áitiúil go bhfuil leigheas ag an uisce báistí a bhailíonn sa log sa chloch) ar an suíomh.
Tabhair ar aird le do thoil go bhfuil Teampall Éanna ar thalamh phríobháideach.
The ruins of Teampall Éanna are located at the foot of Crú Hill and the lands around it are known as Ceathrú an Teampaill.
It is said that the 5th century saint, St. Enda, built the church whilst en route from Aran.
Adjoining the church ruins, there is a children’s burial ground (a lisin) and nearby a Holy Well – Tobar Éanna, which has, it is believed, a cure for sore eyes.
There is also a Bullaun (a water filled depression in the stone – as with the Holy Well, local folklore attaches healing properties to the rainwater collecting in the stone’s hollow) on the site.
Please note that Teampall Éanna is on private property.
No Comments
Add a comment about this page